D’imir sé léir peil Gaelach do Ghaoth Dobhair. Thosaigh sé in 1945. Bhuaigh siad craobh in 1944, 45, 46, 47 & 49. Ainmneacha na n-imreoirí a bhí ar an fhoireann.
Is iomaí cluiche a bhí eatarthu iad féin agus An Chlochán Liath, bhí scaiftí móra ag na cluichí.
An tAthair Mc Gettigan a bhíodh a dtraenáil san am agus bhíodh siad ag obair go crua fosta, móin, coirce, préataí agus mar sin. Théadh siad ag traenáil ina dhiaidh sin.
Bhíodh siad amuigh ag ól fosta ach bhíodh an sagart ag coinneáil súl orthu. Thugadh sé orthu an "pledge" a ghlacadh arís achan am.
D’imir sé don chontae fosta ach ní raibh sé mar atá anois, tá athrach mór ar an pheil, an cluiche, an t-éadach fosta. Cur síos ar na hathruithe sin.
Is iomaí easaontas a bhí idir Gaoth Dobhair agus an Chlochán Liath. Bhí léir de himritheoirí an chontae ag an Chlochán Liath.
Dar leis gur Prenderghast an t-imreoir is fearr a bhí sé i n-éadan ach bhí léir de na himreoirí go maith. Bhí foireann maith ag Gaoth Dobhair. | 00:16:31 | |
Phill sé na bhaile ar feadh cúpla bliain agus ansin chuaigh sé féin agus Antoin Rodgers ar ais go Sasana. Fiaclóir a ba Antoin agus chuaigh seisean go Southend. Chuaigh Willie é féin go dtí an Isle of Grain agus bhí sé ag tiomáint leoraí ansin. Bhí jab mór ansin agus bhí go leor airgid le déanamh ann, bhí cúpla seift ann. Bhí £30 le saothrú ar seift na hoíche, airgead mór san am sin, £ 10 sa lá. Scaglann Ola a bhí ann. Chaith sé seal ag obair le Wimpey fosta. Ní raibh mórán caitheamh aimsire sa cheantar sin, théadh siad go Londain ag an deireadh seachtaine. Bhog siad ansin.
Bhí siad ag imirt peile le Club Chúchulainn in Londain. Bhuaigh siad cúpla bonn, craobh Londain ina measc. Bhuaigh siad cluiche i n-éadan Ghlaschú fosta.
Bhí léir fir eile as an cheantar sa bhaile ag imirt fosta. Bhí léir de mhuintir an bhaile ag imirt do Ghlaschú fosta.
Bhí foireann eile in Londain ina dhiaidh sin, Tír Conaill Gaels. | 00:08:16 | |